| [00:07.84] |
Tá bean in Éirinn a phronnfadh séad domh is mo sháith le n-ól |
| [00:27.72] |
Is tá bean in Éirinn is ba bhinne léithe mo ráfla ceoil |
| [00:38.81] |
Ná seinm théad; atá bean in Éirinn is níorbh fhearr léi beo |
| [00:56.18] |
Mise ag léimnigh nó leagtha i gcré is mo thárr faoi fhód |
| [01:15.02] |
Tá bean in Éirinn a bheadh ag éad liom mur' bhfaighfinn ach póg |
| [01:33.86] |
Ó bhean ar aonach, nach ait an scéala, is mo dháimh féin leo; |
| [01:49.18] |
Tá bean ab fhearr liom nó cath is céad dhíobh nach bhfagham go deo |
| [02:01.85] |
Is tá cailín spéiriúil ag fear gan Bhéarla, dubhghránna cróin. |
| [02:10.72] |
Tá bean a déarfadh dá siulfainn léi go bhfaighinn an t-ór, |
| [02:37.34] |
Is tá bean 'na léine is is fearr a méin ná na táinte bó |
| [02:52.87] |
Le bean a bhuairfeadh Baile an Mhaoir is clár Thír Eoghain, |
| [03:04.83] |
Is ní fheicim leigheas ar mo ghalar féin ach scaird a dh'ól |
| [03:25.90] |
|